Liam Gógan agus rang na Céad Comaoine, Scoil Náisiúnta an Chreidimh Naofa, Glasnaoin.

Liam Gógan ar ócáid bronnta na céime, Coláiste na hOllscoile, BÁC, 1913.

Liam Gógan agus a chéad bhean, Máire, lasmuigh den Ard-Mhúsaem.

An aigne fhiosrach...

Liam Gógan mar óg-sheandálaí, thart faoi 1934.

Beathaisnéis Ghearr an Fhoclóirí

Luathshaol

Rugadh Liam S. Gógan sa bhliain 1891. Déantóir milseogra agus miondíoltóir ba ea a athair. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Uí Chonaill agus i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh sé ina scoláire ceannródaíoch i ndámh an Léinn Cheiltigh nua-bhunaithe. Fuair sé céim sa bhliain 1913 agus MA sa bhliain 1924. Dar leis d'éirigh a mhórshuim agus a dhílseacht don Ghaeilge as na cúrsaí Gaeilge a rinne sé i gConradh na Gaeilge faoi theagasc Shinéid Ní Fhlannagáin, Bean De Valéra mar a bhí sí ina dhiaidh sin.

Sa bhliain i ndiaidh dó an chéim a fháil ghlacadh leis mar bhall d'fhoireann an Mhúsaeim Náisiúnta. Toisc an bhaint a bhí aige le hÓglaigh na hÉireann (Rúnaí Cúnta 1913-15) briseadh as a phost sa Mhúsaem é tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916. Fuair sé an post sin ar ais tar éis an Chonartha Angla-Éireannaigh sa bhliain 1922.

Scríbhneoir

Scríobh sé go forleathan agus go rialta go dtí irisí léannta agus i gcomhair na nuachtán laethúla. D'fhoilsigh sé oibreacha eile ar sheandálaíocht na hÉireann, ar fhocleolaíocht agus ar an stair. File cumasach a bhí ann agus chum sé seacht n-imleabhar de dhánta. Astu sin foilsíodh sé chinn a fuair moladh maith ó na léirmheastóirí. Bhí dán amháin, Na Coisithe, a scríobhadh ar bharr cháis phacála i lár an chuirfiú mhíleata, dán a chuaigh i bhfeidhm chomh mór sin ar shamhlaíocht mhac léann na hÉireann i lár na haoise seo caite, gur iompaigh sé amach mar chineál roisc don chultúr Gaelach.

Foclóir L.S Gógan (FLSG)

Sa bhliain 1950 rinne Cumann na Sgríbheann nGaedhilge (CSG) Liam S. Gógan a choimisiúnú chun forlíonadh a chur le Foclóir Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín. Bhí CSG tar éis an dara eagrán d'Fhoclóir Uí Dhuinnín a fhoilsiú sa bhliain 1927. Bhí páirt mhór ag Gógan i gcruthú an fhoclóra seo, mar bhí sé ina eagarthóir cúnta ag Ó Duinnín. Go deimhin, mar is léir i litir a scríobh Ó Duinnín chuig CSG, bhí sé (Ó Duinnín) go láidir den tuairim go mba chóir ainm an Ghóganaigh a bheith luaite mar chomh-eagarthóir ar an bhfoclóir. Is trua nár ghlac CSG le sin. Bhí an saothar seo, dhá uair go leith ní ba mhó ná an chéad eagrán agus bhí glactha leis mar an leabhar tagartha coitianta don Ghaeilge. Baineadh úsáid fhorleathan as agus bhí an-chion agus meas ag daoine air. Mar sin féin ba léir do scoláirí na teorainneacha a bhí leis agus thuig cuid mhaith acu an gá a bhí leis an gcnuasach a mhéadú.

B'shin an chúis gur iarradh ar Liam an bhearna seo a líonadh. Nuair a bhí a chuid oibre críochnaithe ag Liam bhí imleabhar dhá mhéid ní ba mhó aige ná mar a samhlaíodh i dtús báire. Go mífhortúnach áfach fuair CSG amach nach raibh airgead a ndóthain acu chun an saothar a fhoilsiú. Dar ndóigh bhí an-díomá ar an eagarthóir ach thuig sé a ghainne is a bhí acmhainní in Éirinn an t-am úd.

Tar éis dó frámaíocht agus modh taighde a bhunú lean Liam leis ag cur leis an gcnuasach focal agus abairtí go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1979. Rinne sé roinnt mhaith iarrachtaí ar fhoilsiú sna blianta sin ach bhí an t-am ag dul thart. Bhí coimisiún faighte ag Tomás de Bhaldraithe ó Rialtas na hÉireann Foclóir Béarla-Gaeilge a chur ar fáil. Tháinig sin amach sa bhliain 1959 agus foilsíodh Foclóir nua Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill sa bhliain 1977. Ba thearc iad na hacmhainní fós a bhí ann le haghaidh taighde cultúrtha a dhéanamh nó a imdháileadh.

Bás

Nuair a fuair Liam bás sa bhliain 1979 ba bheag an chosúlacht a bhí ann ag an am go gcuirfí a chuid saothair riamh i gcló. Ach go hámharach tá athrú ar an scéal anois mar is mór an áis atá sa teicneolaíocht dhigiteach chun na costais foilseacháin a laghdú. Dá bhrí sin tá foclóir curtha ar fáil anois i bhfoirm lámhscríbhinne agus ag an am céanna tá teacht go héasca air ag lucht a léite. Tá seo déanta ag meitheal oibre de ghaolta agus de chairde L.S.Gógan, agus le cúnamh áirithe uaimse. Is iarchomhalta mé d'fhoireann Acadaimh Ríoga na hÉireann. Tá blianta caite agam ag obair ar thionscadail foclóireachta éagsúla, go príobháideach agus san Acadamh, lena n-áirítear an foclóir stairiúil, Foclóir na Nua-Ghaeilge (1600-2000).

Nuair a fuair Liam bás sa bhliain 1979 níl dabht ná gur fágadh bearna i saol focleolaíochta agus litríochta na hÉireann. Tá mar chuspóir ag an dtionscadal seo an bhearna sin a líonadh, go páirteach ar a laghad, tríd an bhforlíonadh seo ar Fhoclóir Uí Dhuinnín, a fhoilsiú. Is ‘comhlánú' ar Ó Duinnín atá tugtha mar ainm againn air anois agus is cnuasach é a chruinnigh Liam le chéile thar tréimhse 30 bliain.

An todhchaí

Is obair thurgnamhach cheannródaíoch í foclóir digiteach a chur ar fáil ar an dóigh seo, cinnte is obair í nach bhfaighfí a dhéanamh gan an nua-theicneolaíocht. Tugtar léargas iontach don scoláire ar scileanna traidisiúnta an fhoclóirí, faoi mar a chruinníodh agus a cuireadh i gcomhad na mílte slipeanna páipéir go cúramach le chéile. Tá os cionn 40.000 slip sa chnuasach anseo agus teacht ar gach cheann faoi leith. D'fhéadfaí an teicneolaíocht seo a úsáid chun obair nár foilsíodh cheana a chur i láthair do scoláirí agus mar bhun-fhoinse i gcomhair tráchtas acadúla. Ní bheadh sé i gceist go n-úsáidfí na slipeanna go léir sa bhfoclóir clóite ach bheadh an t-eolas bainte astu agus curtha in eagar. Is éard atá againn ná foinse agus dúshlán le chéile don scoláire. Tá an cló-rómhánach agus an sean-chló ghaelach léirithe. Is as foinsí foilsithe a baineadh formhór na samplaí. Tá formhór na nod a úsáid an Góganach scaoilte agus dearbhaithe againn chun barántúlacht an ábhair a dheimhniú.

Féach freisin An Brollach le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcnuasach seo. Táim buíoch don Athair Brian Gógan as an eolas beathaisnéiseach atá san alt seo.

Diarmaid Ó hAirt
DipITM, BA Mod, MA, HDipEd, Ph.D,
Eagarthóir Liteartha

Na Coisithe

TV Documentary on the life of Liam S Gogan, commissioned by TG4.