Liam S. Gógan

Mar is eol don saol Fodhlach, fear mór le foclóireacht ba ea an tAth. Pádraig Ó Duinnín sa bhfichiú chéad. Ba é a chuir amach an Foclóir Béarla-Gaeilge (1927), an chéad foclóir cuimsitheach dá leithéid a foilsíodh faoi Shaor-Stát Éireann. Ag obair ar an bhfoclóir seo bhí Liam Gógan ina chomh-eagarthóir ag an Duinníneach. Bhí Liam fostaithe ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus bhí clú agus cáil air lena linn mar scoláire ilteangach, mar fhile agus mar scríbhneoir. Tá tuilleadh eolais faoi shaol agus faoi shaothar Liam agus an Athar Ó Duinnín ar fáil áit eile ar an láithreán seo. Lean Liam ag bailiú ábhar foclóireachta gan stad go bhfuair sé bás. Fuair a chlann mar oidhreacht an cnuasach slipeanna, os cionn 40,000 díobh ar fad, a scríobh sé amach de láimh. Is é sin an cnuasach sár-luachmhar atá á fhoilsiú againn inniu.

Níl sé curtha romham agam anseo breithmheas domhain anailíseach a dhéanamh ar shaibhreas ná ar luach intreach an chnuasaigh - d'fhéadfadh a leithéid a bheith ina ábhar, ar a laghad, de thráchtais ollscoile amháin. Leis an bhfoilseacháin seo beidh an deis ag scoláirí tabhairt faoi thionscadal den chineál sin. Níl sé curtha romham ach an oiread a bheith ag iarraidh a mheas an mbeadh an cnuasach seo, i gceann ceithre fichead bliain eile, fós ar dhíol mar earra tráchtála ar nós Foclóir an Duinnínigh inniu!

Tá thart faoi 1,300 leathanach dhá cholún de chló dlúth i bhFoclóir an Duinnínigh (1927). Tá bun-ábhar saothair den toirt chéanna i gcnuasach Liam. Bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh obair Liam ina fhorlíonadh ar Fhoclóir an Duinnínigh ach d'fhás sé os a chionn sin ar fad. Ba cheart féachaint air anois mar chompánach d'Fhoclóir an Duinnínigh. Is Cloch mhíle bhreise in annála foclóireachta na Gaeilge atá ann. Níl taighde cheart déanta fós ar an mbun-mhianach atá ann ach oiread is atá déanta ar Fhoclóir an Duinnínigh, faoi mar atá ráite chomh soiléir sin ag Alf Mac Lochlainn in alt eile ar an láithreán seo. Táimíd buíoch don irisleabhar Studies as cead a thabhairt dúinn an t-alt sin a athfhoilsiú. Bronntanas atá againn anseo don náisiún Éireannach a nochtann gné thábhachtach dar n-oidhreacht chugainn. Ní cheart a leithéid a choimeád i gcartlann dhomhain faoi cheilt. Arís, tugtar an chreidiúint chóir do mhac Liam, an tAth. Brian Gógan a rinne deimhin de nach dtarlódh a leithéid!

Cur chuige úrnua ar fad atá againn anseo i bhfoilseachán foclóirí. Roimhe seo, bhreithneofaí ar chnuasach slipeanna mar bhun-ábhar foclóra, mar thoradh taighde ag an eagarthóir chun foclóir a dhréachtú. Chuirfí nótaí leo ón eagarthóir agus b'fhéidir go gcaithfí roinnt slipeanna i leataobh. Is éard atá againn anseo ná bun-chlocha an fhoclóra, sampla iomlán d'obair an fhoclóirí réidh chun a chríochnaithe. Is de bharr na teicneolaíochta nua-aimseartha is féidir é seo a dhéanamh agus fiú amháin is dóigh linn go bhféadfadh sé a bheith ina mhacasamhail le haghaidh tionscadal eile den chineál chéanna.. D'fhéadfaí a rá mar sin gur rud ceannródaíoch é i dtaighde na foclóireachta a thugann pointe tosaithe agus bun-ábhar i dteannta a chéile don scoláire. Tá foinse inspéise anseo freisin, dúshlán a osclóidh b'fhéidir réimsí dár n-oidhreacht agus dar gcultúr nár fionnadh go dtí seo. Is cóir go bhfeidhmeodh sé freisin mar leacht cuimhneachán do Liam Gógan, foclóirí, file agus tírghráthóir agus dá mhac an tAthair Brian Gógan a bhronn an saothar seo don saol Fodhlach agus don saol mór.

Is maith is eol dom an t-allas agus an sclábhaíocht a ghabhann le saothrú na foclóireachta. Tá bealaí agus deiseanna nua curtha ar fáil ag an nua-theicneolaíocht agus dúshláin nua ina bhfochair siúd. Bíonn an cur chuige agus na modheolaíochtaí ag athrú de réir mar a bhíonn an obair ag dul ar aghaidh. Bhí an obair seo ar siúl ar feadh cúig bhliana nó mar sin agus ní tréimhse ró-fhada í sin dáiríre chun tionscadal den chineál seo a thabhairt chun críche. Is mór an chreidiúint atá ag dul don uile duine a chuidigh leis an dtionscadal ar aon bhealach. Ba cheart dom daoine eile ar an gcoiste eagarthóireachta a lua go speisialta, go háirithe Mike Gogan, nia Bhriain, Seán Ó Lochlainn Ó Cinnéide agus gach aoinne a chuidigh ar dhóigh ar bith, daoine cosúil le Máirín Óman agus Róisín Grimley. Agus ná déantar dearmad ar na saineolaithe teicniúla ar nós Byron Blay, John Lunney, Finn Winterson agus daoine eile. Ní fhéadfaí an gnó a dhéanamh gan iad.

Diarmaid Ó hAirt
DipITM, BAMod, HDipEd, MA, PhD
Eagarthóir Liteartha

Feabhra 2009