Liam S. Gógan

Brian Gógan ag féachaint siar ar a athair, a shaol agus ar a shaothar.

Tá cónaí déanta agam leis an bhfoclóir Gaeilge seo a thiomsaigh m'athair, Liam S. Gógan, ó thosaíodh an obair don chéad uair sa bhliain 1950 go dtí gur chuireadh críoch leis sa bhliain 1979. Mura mbeadh go bhfuair m'athair bás bheadh tuilleadh fós curtha leis. Is cuimhin liom go maith an ríméad agus an spleodar a bhí air nuair a hiarradh air forlíonadh a chur le Foclóir Uí Dhuinnín. Is minic a labhair sé sa bhaile faoi na heasnaimh a bhí sa bhfoclóir sin, go háirithe sna trí litreacha tosaigh den aibítir.

B'ábhar spéise dúinn mar ógánaigh féachaint ar na comhaid ag fás de réir a chéile agus an cnuasach focal ag dul i méid. Bhí focail aimsithe as an nua agus leaganacha úra d'fhocail a bhí i gcló cheana féin. Go mífhortúnach, is amhlaidh a d'fhás an cnuasach ró-sciobtha mar nuair a sroicheadh an sprioc-phointe bhí sé imithe os cionn na dteorainneacha a leagadh síos sa choimisiún bunaigh. Bhí féith cheanndána sa dúchas ag Liam Gógan agus nuair a hiarradh air an méid a bhí ann a ghearradh siar, dhiúltaigh sé baint as iomlán na faisnéise a bhí cnuasaithe aige. Dá thairbhe sin, dúirt na foilsitheoirí, Cumann na Scríbheann nGaedhilge (CSG), nárbh acmhainn dóibh an t-ábhar breise a bhí cruinnithe aige a fhoilsiú.

Ba ghéar an buille é sin ar Liam bocht. D'fhág sé meamram dá chlann ina dhiaidh, inar scríobh sé adhmholadh ar Phádraig Ó Duinnín, eagarthóir an dá eagráin tosaigh den Fhoclóir Gaedhilge agus Béarla, 1904 agus 1927. Bhí ardmheas ag Liam ar Phádraig, ar a intleacht agus ar a chuid léinn. Faoi mar a léirigh Ó Conluain agus Ó Céileachair sa bheathaisnéis den Duinníneach a scríobhadar, bhí bonn maith leis an ardmheas céanna. Faoi mar a mhaígh Liam féin ina scríbhinní ba cheart go gcuimhneofaí ar an Duinníneach mar ileolaí i ngluaiseacht na Gaeilge.

Theastaigh ó Phádraig Ó Duinnín ainm Liam a lua mar chomh-eagarthóir ar theideal-leathanach an fhoclóra cheannródaíochta a d'fhoilsigh sé. Scríobh sé litir chuig CSG á mholadh sin. Ba mhór an buntáiste do Liam, a bhí 35 bliana d'aois an uair úd, dá mbeadh a leithéid ina curriculum vitae. Ach dhiúltaigh CSG é sin dó. Rinneadar leorghníomh flaithiúil iar sin ámh nuair a d'iarradar ar Liam Foclóir Béarla-Gaeilge a chur le chéile. Ach bhí an fhéith cheanndána i Liam i gcónaí agus thug sin air an tairiscint a dhiúltú.

Nuair a chuathas faoina bhráid sa bhliain 1950 chun forlíonadh a dhéanamh ar fhoclóir Uí Dhuinnín bhí an díomá imithe de agus chuaigh sé i mbun oibre le fonn. Mar a dúirt mé thuas, nuair a theip ar an bhfoilsiú ag an am úd, ba mhór an buille dá uaillmhianta mar fhoclóirí é sin. Mar sin féin, idir an dá linn, phós sé athuair. Fuair, a bhean ionúin, Máire, bás sa bhliain 1940 agus iar sin phós sé Nóra Ní Aodha, bean a chasadh air ar bhus uimhir 15, agus é ag casadh isteach go dtí Faiche Stiabhna ar a bhealach go dtí an tArd-Mhúsaem. Chaith sé na blianta scoir faoi shuaimhneas le Nóra. Bhí an-chuid eachtraí spéisiúla acu le chéile. Chuadar go dtí an Róimh ar laethanta saoire go minic. Go speisialta, bhain Nóra an-phléisiúr as sin. Is cosúil nach mbíodh saoire mórán de dhíth ó Liam féin. Bhain sé fuinneamh is dealraitheach in áit na hatuirse as an staidéar.. Lean sé air ag obair ar dóigh ar an hábhair ab ansa leis ag an am - Ptolemy an tíreolaí Éigipteach, Naomh Pádraig agus na ceangail a bhí aige leis an mBreatain agus leis an Mór-Roinn, foclóir de théarmaí ailtireachta agus mar sin de. Rinneadh iad sin go léir a fhoilsiú mar shraitheanna i bhfoilseacháin liteartha agus i dtréimhseacháin éagsúla. Agus freisin shaothraigh sé iliomad ábhar stairiúla eile, idir sean agus nua, ar chuir sé spéis iontu. Ach d'fhan an spéis ba láidre aige sa staidéar comhlántach a bhí idir lámha aige le Foclóir Gaedhilge agus Béarla Uí Dhuinnín.

Nuair a fuair Liam bás sa bhliain 1979 bhí an cnuasach aige méadaithe ó cheithre boscaí móra go dtí ceithre chinn déag. Faraor, níor chríochnaigh Liam riamh an obair ar an gcomhlánú seo. Fuair sé bás in medias res. Mar sin féin bhíodh an doiciméad á ullmhú aige le haghaidh a fhoilsithe. Bhíodh sé ag soiléiriú nó ag athscríobh sleachta chun iad a dhéanamh inléite ag cló-churadóirí. Tá an lámhscríbhinn ar fáil anois sa bhfoilseachán digiteach seo.

Fuair Liam bás sa bhliain 1979. Dhá bhliain nó trí ina dhiaidh sin rith an smaoineamh chugam an saothar a fhoilsiú ar mhícreascannán nó, níos fearr fós b'fhéidir, i bhformáid dhigiteach, rud a bhí ag teacht chun cinn in Éirinn sna luath-ochtóidí. Botún ba ea é sin b'fhéidir mar chuir an formáidiú digiteach go mór leis an gcostas. Is éard a bhí i gceist agam ná an saothar seo a thabhairt don phobal ar bhealach neamhchostasach agus fanacht le breithiúnas na scoláirí sula lorgóinn tuilleadh acmhainní ó fheidhmeannas oifigiúil na Gaeilge.

Bhí gnóthaí eile idir lámha agus faoi m'aire ag an am. Bhí sé déanach sa bhliain 2003 nuair a chuir mo nia Mícheál Gógan an smaoineamh chugam go mba chóir dúinn an tionscadal a athbheochan arís. Tá Mícheál ag obair é féin le foilsitheoireacht dhigiteach agus tá cuideachta dá chuid féin aige - The Virtual Experience Co. Chuamar i mbun oibre agus sinn ag samhlú gur próiseas simplí go leor a bheadh ann. Ach tháinig sé abhaile chugainn go luath go gcaithfí an lámhscríbhinn théagartha seo a chur in oiriúint cuid mhór sula bheadh sí so-láimhsithe agus mar chúnamh do phobal ní ba leithne.

Chuir mé an scéal faoi bhráid mo sheancharad Seán Ó Lochlainn Ó Cinnéide, fear a casadh orm in éineacht lena bhean chéile Kay, tráth a bhí Concern á bhunú. Bhí cuideachta dhigiteach dá chuid féin bunaithe ag Seán idir an dá linn agus is as an gcúlra sin a chuir sé comhairle orainn conas léitheoir a chruthú don bhunachar a d'fhéadfaí a rochtain ag úsáid cló Gaelach nó cló Rómhánach. Dhearaigh Séan cló úr don tionscadal freisin agus thug sé ‘Dinneen' mar ainm air - leagan oiriúnaithe den chló Colmcille a chruthaigh Colm Ó Lochlainn, uncail do Sheán.

Bhí saineolas faoin bhfoclóireacht uainn go fóill agus thoiligh an Dr Diarmaid Ó hAirt cuidiú linn san obair. Tá cuid mhór dá shaol caite ag Diarmuid ag obair ar fhoclóir stairiúil, Foclóir na Nua-Ghaeilge. in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá foclóir dá chuid foilsithe ag an Acadamh agus foclóirí agus saothar eile foilsithe aige féin i bhformáid dhigiteach ar an idirlíon. Bhí spéis ar Dhiarmaid cnuasach Liam Gógan a fheiceáil os comhair an phobail agus thoiligh sé a bheith ina eagarthóir liteartha ar an dtionscadal. Thug Diarmaid a chuid dea-ghiúmar isteach san obair agus thug sé an-chabhair dúinn ag soiléiriú ceisteanna a tháinig chun cinn chomh maith le cur leis na hailt léirmhínithe tríd an tionscadal go léir.

Is liosta le háireamh an carn daoine a thug cabhair sa tionscadal seo ar mhodh deonach agus ar mhodh gairmiúil. Má tá ainm ar bith fágtha ar lár as an liosta creidiúintí atá againn, trí iomrall nó trí dhearmad, tá an-aiféala orainn faoi sin agus gabhaimid buíochas ó chroí leo uile. Ní mór dom mo chuallacht féin i gColáiste na Carraige Duibhe a lua freisin. Is de bharr a bhféile siúd a d'éirigh linn cur chuig an obair seo. Bheirim buíochas ó chroí leo go léir agus d'iliomad comhoibrithe agus deontóirí eile. Agus ag deireadh thiar, bheirim buíochas dom athair dílis, Liam Gógan as an dtabhartas iontach seo a d'fhág sé ina dhiaidh mar oidhreacht bheo dár dteanga féin — An Ghaeilge.

Brian Gogan CSSp, PhD., STL, MLit.